4 days ago

ar pár - An Chritic: SmacA & Macallaí sa Scathán

Freagraí Shéamais Mhic Annaidh ar an chritic atá déanta ar a shaothar ag Maolmhaodhóg Ó Ruairc.

--------

Tá fáilte romhat chuig ar pár, podchraoladh i nGaeilge ina bhfuil comhráite faoin litríocht i nGaeilge tiomsaíthe.

Is féidir comhráite le húdair agus le lucht acadúla a fháil in ar pár

Taifead buan ar scéalaíocht na Gaeilge a dhéanamh; Lorg chúrsa na litríochta Gaeilge mar snáth innigh trí dhlúth na staire agus chultúir na tíre  a aimsiú; Tionchar na litríochta tábhachta seo agus í ag dul i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta na hÉireann agus i gcéin a mheas; is iad seo modhanna oibre agus an chuspóir atá ag ar pár.

Sa chéad sraith seo ina bhfuil deich gclár, tugadh cuireadh do Shéamas Mac Annaidh, an t-údar bisiúil, a shaothar scríofa agus an timpeallacht ina raibh sé lonnaithe nuair a chruthaíodh iad a chaibidil, ceann ar cheann, i gcomhrá le fear an toighe, Séamus Mac Giolla Phádraig.

Tabhair síntiús do ar pár agus éist le léiriú as an choiteann ar shaothar scríbhneoirí tábhachtacha na haimsire seo, ina bhfocail agus ina dteanga dhílse féin.

Ceol Ryan Molloy

https://linktr.ee/arparpod

Comments (0)

To leave or reply to comments, please download free Podbean or

No Comments

Copyright 2024 All rights reserved.

Podcast Powered By Podbean

Version: 20241125